Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – TVR Automotive v EUIPO – TVR Italia (TVR)
(Cás T-53/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘TVR’ – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘TVR ITALIA’– Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 – Ceart chun triail chóir a fháil – Ionchas dlisteanach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: TVR Automotive Ltd (Walliswood, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: A. von Mühlendahl agus H. Hartwig, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: TVR Italia Srl (Milano, an Iodáil)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 1493/2018-5).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear do TVR Automotive Ltd agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023.