Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – DGC Switzerland v EUIPO (cyberscan)
(Cás T-85/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh cyberscan – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil –Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caidreamh sách díreach agus sonrach leis na táirgí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an iarratas ar thrádmharc – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: DGC Switzerland AG (Zurich, an Eilvéis) (ionadaí: N. Medler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Nollaig 2022 (Cás R 1587/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Diúltaítear don chaingean.
2) Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 127, 11.4.2023.