Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2023 – ST v Frontex
(Cás T-600/22)1
(Gníomhaíocht maidir le mainneachtain gníomhú agus neamhniú – An ceart chun tearmainn – Cuireadh chun gnímh – Cuireadh isteach in ainm agus thar ceann duine a d’fhan gan ainm – Neamhrialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta – Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896 – Gan leas in imeachtaí a thionscnamh – Neamh-inghlacthacht)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ST (ionadaí: F. Gatta, Dlíodóir)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (ionadaithe: S. Karkala agus R. A. Popa, Gníomhairí, agus B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean, de bhun Airteagal 265 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go príomha, ar an gCúirt a dhearbhú gur mhainnigh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) go neamhdhleathach, de bhun Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO 2019 L 295, lch. 1), cinneadh lena bhfionrófaí nó lena bhfoirceannófaí a ghníomhaíochtaí sa Mhuir Aeigéach agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, cinneadh Frontex an 27 Iúil 2022 a chur ar neamhní lena ndiúltaítear gníomhú maidir leis an gcuireadh chun gníomhú de bhun Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.
Ordaítear do ST na costais a íoc.
____________
1 IO C 424, 7.11.2022.