Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – Zubitskiy v an Chomhairle
(Cás T-359/22) 1
(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Cuimsiú ainm an iarratasóra ar an liosta – An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Pléadáil neamhdhleathachta – Oibleagáid chun cúiseanna a thabhairt – Earráid mheasúnaithe – Ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – Comhréireacht)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Evgeny Borisovich Zubitskiy (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: P. Zeller agus D. Reingewirtz, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune, V. Piessevaux agus X. Chamodraka, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3), a mhéid a bhaineann an gníomh sin leis, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear don Uasal Evgeny Borisovich Zubitskiy a chostais féin a íoc agus na costais a thabhaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.
____________
1 IO C 294, 1.8.2022.