Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Claro v EUIPO – Claranet Europe (Claro)
(Cás T-661/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Claro’ – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CLARANET’– Foras coibhneasta le neamhbhailíocht –Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Claro SA (São Paulo, an Bhrasaíl) (ionadaí: J. Ferreira Sardinha, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Claranet Europe Ltd (Saint-Hélier, Geirsí) (ionadaí: M. Forde, Solicitor)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Lúnasa 2022 (Cás R 1674/2021-5).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear do Claro SA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Claranet Europe Ltd a íoc;
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 7, 9.1.2023.