Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – BB Services v EUIPO – Lego Juris (Cruth d’fhigiúr bréagáin)
(Cás T-298/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh – Cruth d’fhigiúr bréagáin – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Comhartha nach bhfuil ann ach an cruth a thagann ó nádúr na n-earraí iad féin – Comhartha nach bhfuil ann ach cruth na n-earraí atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil – Airteagal 7(1)(e)(i) agus (ii) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(e)(i) agus (ii) de Rialachán (AE) 2017/1001))
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: BB Services GmbH (Flörsheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Krogmann, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: LEGO Juris A/S (Billund, an Danmhairg) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, dlíodóirí)
Maidir le:
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Márta 2022 (Cás R 1354/2021-5) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear do BB Services GmbH na costais a íoc.
____________
1 IO C 257, 4.7.2022.