Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Vobro v EUIPO – Mieszko (CHERRY Passion)
(Cás T-29/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CHERRY Passion” – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe “MIESZKO PRALINES CHERRISSIMO” – An foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) ) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Vobro sp. z o.o. (Brodnica, an Pholainn) (ionadaithe: M. Kondrat, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova Valchanova agus T. Frydendahl, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Mieszko S.A. (Vársá, an Pholainn)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Samhain 2022 (cás R 2073/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 94, 13.3.2023.