Caingean arna tabhairt an 26 Feabhra 2024 – CN v an Coimisiún
(Cás T-155/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: CN (ionadaí : N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
cinneadh an údaráis ceapacháin an 8 Bealtaine 2023 (Ares(2023)3230522) lena ndiúltaítear an liúntas dúbailte a dheonú don iarratasóir le haghaidh leanbh cleithiúnach a chur ar neamhní;
an freagra sainráite lena ndiúltaítear don ghearán ar thug an t-údarás ceapacháin fógra ina leith an 29 Samhain 2023 a chur ar neamhní, a mhéid is gá;
a ordú don chosantóir na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí agus sárú ar Airteagal 67(3) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh sa mhéid is gur chuir an t-údarás ceapacháin Airteagal 9-1 den scála Eorpach chun lagú ar shláine fhisiciúil agus shíceolaíoch a mheasúnú i bhfeidhm, in ionad Airteagal 11 den scála sin.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear easpa scrúdú nithiúil agus mionsonraithe agus earráid fhollasach mheasúnaithe sa mhéid is go leagann an comhad béim ar ualaí troma a bhaineann le míchumas iníon an iarratasóra.
____________