Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) an 14 Feabhra 2024 – EG Labo Laboratoires Eurogenerics SAS agus Theramex France SAS v Agence nationale de sécurité du médicament et des produits de santé (ANSM) agus Biogaran SAS
(Cás C-118/24, Laboratoires Eurogenerics agus Theramex France)
Teanga an cháis: an Fhraincís
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: EG Labo Laboratoires Eurogenerics SAS, Theramex France SAS
Cosantóirí: Agence nationale de sécurité du médicament et des produits de santé (ANSM), Biogaran SAS
Páirtithe eile: Eli Lilly Nederland BV, Lilly France SAS
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain, 2001 1 a léiriú sa chaoi go bhfuil dlínse ag cúirt inniúil de chuid Ballstáit lena mbaineann nós imeachta díláraithe um údarú margaíochta gan a bheith ina Bhallstát tagartha, a bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht arna tabhairt i gcoinne an údarú margaíochta arna ghlacadh ag an údarás inniúil don Bhallstát sin i gcomhréir leis an méid a rialaigh an Chúirt ina breithiúnas an 14 Márta 2018 Astellas Pharma (C-557/16), sa chás sin, chun a fhíorú go ndearnadh an nós imeachta díláraithe i gcomhréir le forálacha Threoir 2001/83/CE agus nach bhfuil riosca tromchúiseach féideartha do shláinte an phobail agus é á chur ar an margadh de réir bhrí Airteagal 29(1) den Treoir?
An gcaithfear Airteagal 10 de Threoir 2001/83/CE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar údarú margaíochta a dheonú do tháirge íocshláinte ceimiceach de réir an nós imeachta simplithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin i gcás inar táirge íocshláinte bitheolaíoch é an táirge íocshláinte tagartha?
____________
1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001, L 311, lch. 67).