Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Vila Tobella v EUIPO – Raphael Europe (ROZALIYA jewelry for enlightenment)
(Cás T-118/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rosalia Vila Tobella (Sant Esteve Sesrovires, an Spáinn) (ionadaí: P. Martini-Berthon, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Raphael Europe Ltd (Sóifia, an Bhulgáir)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh ‘ROZALIYA jewelry for enlightenment’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 447 981
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollaig 2023 i gCás R 430/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a measadh gur leor an fhianaise ar fhíorúsáid do na hearraí eile in Aicme 14;
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94(1) agus ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________