Iarraidh ar réamhrialú ó Mestský súd Bratislava IV (an tSlóvaic) a taisceadh an 12 Márta 2024 – AK v RU
(Cás C-197/24, Šiľarský) 1
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Mestský súd Bratislava IV
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AK
Cosantóir: RU
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 1(2) de Threoir 2011/7/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, arna leasú, i gcomhair le hAirteagail 2(1) agus (3) agus 6(1) den Treoir sin, sa chaoi (i) nach mór a mheas gur ‘gnóthas’ atá i nduine nádúrtha, ina leithéid de chás agus atá sna príomhimeachtaí, a úsáideann seirbhísí dlí dlíodóra chun cuideachta tráchtála a bhunú, ina bhfuil sé le bheith ina stiúrthóir bainistíochta agus ar an mbeirt bunaitheoirí agus ball di, agus (ii) nach mór a mheas gurb ‘idirbheart tráchtálach’, ina leithéid de chás agus atá sna príomhimeachtaí, ar dá réir a sholáthraíonn dlíodóir seirbhísí do a leithéid sin de dhuine ar mhaithe le cuideachta tráchtála a bhunú?
Má tá freagra diúltach ar an gcéad cheist, an bhfuil léiriú le déanamh ar an téarma ‘tomhaltóir’ a úsáidtear in Airteagal 2(b) de Threoir 93/13/CEE 1 ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna leasú, i gcomhair le hAirteagal 8 den Treoir sin, sa chaoi, ina leithéid de chás agus atá sna príomhimeachtaí, go n-áirítear ann duine nádúrtha a dhéantar éileamh ina choinne de réir conradh chun seirbhísí dlí a sholáthar, i gcás inarbh é ab ábhar an chonartha sin seirbhísí a sholáthar ar mhaithe le cuideachta tráchtála a bhunú agus ina raibh an cosantóir le bheith ina stiúrthóir bainistíochta agus ar bheith ina stiurthóir bainistíochta agus ar an mbeirt bunaitheoirí agus ball den chuideachta sin?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 IO 2011 L 48, lch. 1.
1 IO 1993 L 95, lch. 29.