Caingean arna tabhairt an 1 Feabhra 2024 – CG v EFSA
(Cás T-52/24)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: CG (iondaí: M. Velardo, Dlíodóir)
Cosantóir: an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Tuarascáil mheastóireachta an iarratasóra don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, ar tugadh fógra ina leith an 27 Márta 2023 a chur ar neamhní;
Beart an údaráis a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích dar dáta 24 Deireadh Fómhair 2023, a fógraíodh an lá céanna, ag díbhe an achomhairc (Uimh. R.400/23) arna thaisceadh an 26 Meitheamh 2023 faoi Airteagal 90(2) den Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais i gcoinne an chinnidh ar tugadh fógra ina leith an 27 Márta 2023 lena nglactar tuarascáil mheastóireachta an iarratasóra don bhliain 2022 a chur ar neamhní;
a ordú do EFSA na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta (Airteagal 263 CFAE) agus neamhinniúlacht an chomhlachta a ghlac an tuarascáil mheastóireachta.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart cosanta agus ar phrionsabal na comhréireachta.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachta agus sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta.
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim.
____________