Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2023 – De Capitani v an Chomhairle

(Cás T-163/21)1

(Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid maidir le nós imeachta reachtach atá ar siúl – Meithleacha de chuidna Comhairle – Doiciméid maidir le togra reachtach chun Treoir 2013/34/AE a leasú maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas  Diúltú rochtain pháirteach a dheonú – Caingean le haghaidh neamhniú – Leas chun imeachtaí a thionscnamh –Inghlacthacht – An chéad fhomhír d'Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceacht i ndáil leis an phróiseas cinnteoireachta a chosaint)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Emilio De Capitani (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: O. Brouwer, Dlíodóir, and S. Gallagher, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Bauerschmidt agus K. Pavlaki, Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, L. Van den Broeck agus M. Jacobs, Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, M.H.S. Gijzen agus J. Langer, Gníomhairí), Poblacht na Fionlainne (ionadaí: M. Pere, Gníomhaire), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: C. Meyer-Seitz agus R. Shahsavan Eriksson, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SGS 21/000067 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 14 Eanáir 2021, lenar diúltaíodh dó rochtain a fháil ar dhoiciméid áirithe, códaithe “WK,” a malartaíodh laistigh de meithleacha ábhartha na Comhairle i gcomhthéacs nós imeachta reachtach 2016/0107 (COD), maidir le leasú Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 a ghabhann leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO 2013, L 182, lch. 19), ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh SGS 21/000067 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 14 Eanáir 2021 ar neamhní.

Ordaítear don Chomhairle a costais féin, agus na costais arna dtabhú ag Emilio De Capitani, a íoc.

Ordaítear do Ríocht na Beilge, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne a gcostais féin a íoc.

____________

1 IO C 206, 31.5.2021.