Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Aibreán 2024 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 24 Eanáir 2024 i gCás T-409/21, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-242/24 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar, C.-M. Carrega, C. Kovács, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe) an 24 Eanáir 2024 a chur ar ceal i gCás T-409/21, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v an Coimisiún Eorpach;

an chaingean ag an gcéad chéim a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús;

mar mhalairt air sin, breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 i gCás T-409/21, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine v an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal, a mhéid a bhaineann sé leis na bearta a luaitear i bhforálacha aithris 198(a) go (d) de Chinneadh C(2021) 3918 final ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Státchabhair SA.56826 (2020/N) – an Ghearmáin – athchóiriú 2020 ar thacaíocht do chomhghiniúint agus maidir le Státchabhair SA.53308 (2019/N) – an Ghearmáin – Athrú tacaíochta do stáisiúin CTÉ (§ 13 KWKG);

mar mhalairt air sin, an chaingean ag an gcéad chéim a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann sí leis na bearta a luaitear i bhforálacha aithris 198(a) go (d) de Chinneadh C(2021) 3918 final ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Státchabhair SA.56826 (2020/N) – an Ghearmáin – athchóiriú 2020 ar thacaíocht do chomhghiniúint agus maidir le Státchabhair SA.53308 (2019/N) – an Ghearmáin – Athrú tacaíochta do stáistiúin CTÉ (§ 13 KWKG);

a ordú do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Bunaíonn an t-achomharcóir a achomharc ar shaincheist dlí amháin.

Ina shaincheist dlí aonair, éilíonn an t-achomharcóir go ndearna an chúirt earráid dlí agus an critéar “acmhainní stáit” á léiriú chun beart a aicmiú mar státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE.

I gcomhthéacs na saincheiste dlí sin, maíonn an t-achomharcóir, ar dtús, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh nárbh ionann ualach airgeadais na mbeart comhghiniúna cumhachta agus teasa a bheith á iompar ag na hoibreoirí córais dáileacháin agus cáin ná tobhach éigeantach eile, de réir bhrí chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

Ar an dara dul síos, i gcomhthéacs na saincheiste dlí aonair atá aige, maíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína cinneadh nach raibh cásdlí na Cúirte Breithiúnais in PreussenElektra 1 teoranta do chásanna ina ndéanann an Stát idirghabháil i bpraghsanna idirbheart - trí rialú praghais margaidh amhail íosphraghsanna nó praghsanna rialaithe nó íosmhéideanna ceannaigh a shocrú - ach go bhfolaíonn sé freisin cásanna ina n-ordaíonn an Stát oibleagáidí íocaíochta díreacha idir páirtithe príobháideacha, gan na páirtithe sin a bheith á rialú ag aon chineál caidrimh idirbheartaíochta.

____________

1 Cás C-379/98 (EU:C:2001:160).