Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Meán Fómhair 2023 – ZF CV Systems Europe v an Coimisiún

(Cás T-637/16) 1

(Státchabhair — Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an mBeilg — Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim cabhrach ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach agus lena n-ordaítear aisghabháil na cabhrach arna híoc — Rialú cánach — Brabúis inmheasúnaithe — Díolúine ó iarmhéid na mbrabús — Buntáiste — Cineál roghnach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZF CV Systems Europe, ar a dtugtaí Wabco Europe roimhe seo (Watermael-Boitsfort, an Bheilg) (ionadaithe: E. Righini, S. Völcker agus K. Beikos-Paschalis, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P.-J.Loewenthal, B. Stromsky agus F. Tomat, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir le scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid na mbrabús SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg ar neamhní (IO 2016 L 260, lch. 61).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do ZF CV Systems Europe a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

____________

1 IO C 419, 14.11.2016.