Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Poznaniu (an Pholainn) a taisceadh an 6 Márta 2024 – Santander Consumer Bank S.A. v EN
(Cás C-180/24, Santander Consumer Bank)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Poznaniu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Santander Consumer Bank S.A.
Cosantóir: EN
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 3(j) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE 1 ón gComhairle le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar théarmaí a chur le comhaontuithe creidmheasa le tomhaltóirí, nach bhfuil a n-ábhar ina dtoradh ar chomhaontuithe ar leith idir na páirtithe, lena bhforáiltear d’ús a ghearradh ar iomlán an chreidmheasa arna thabhairt don tomhaltóir lena n-áirítear ní hamháin an méid a íoctar go hiarbhír leis an tomhaltóir, ach na méideanna a mbeartaítear leo costais an chreidmheasa arna dheonú a íoc chomh maith (lena n-áirítear, inter alia, mar is amhlaidh in imthosca sa chás seo, an coimisiún de chuid an chreidiúnaí nó na préimheanna árachais saoil nó cúnaimh)?
____________
1 IO 2008 L 133, lch.66.