Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2024 – Gutseriev v an Chomhairle

(Cás T-233/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mikail Safarbekovich Gutseriev (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: B. Kennelly, Abhcóide Sinsearach, J. Pobjoy, Abhcóide, agus D. Anderson, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, (i) Cinneadh (CBES) 2024/769 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin 1 agus, (ii) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/768 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin 2 , a chur ar neamhní, a mhéid atá feidhm acu maidir leis an iarratasóir (le chéile, ‘Gníomhartha 2024 atá faoi chonspóid’);

de bhun Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú go bhfuil Airteagal 4(1) de Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 (arna leasú) agus Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 (arna leasú) neamh-infheidhme, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir mar gheall ar neamhdhleathacht, agus dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, Gníomhartha 2024 atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráid fhollasach measúnaithe agus í ag meas go raibh bunús leordhóthanach fíorasach ann chun údar a thabhairt lena ainm a áireamh ar na liostaí atá i gceist ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sna Gníomhartha 2024 atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 296 CFAE trí ráiteas neamhleor ar chúiseanna a sholáthar sna Gníomhartha 2024 atá faoi chonspóid.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle cearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear na cearta chun saoil phríobháidigh, chun maoine agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

____________

1 Cinneadh (CBES) 2024/769 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L, 2024/769).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/768 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L, 2024/768).