Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – KL v Staatssecretaris van Financiën
(Cás C-613/23, Herdijk 1 )
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: KL
Freagróir: Staatssecretaris van Financiën
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais Eorpaigh ar riail dlí amhail an riail a leagtar amach in Airteagal 36(4) de IW 1990, 1 a fhágann go bhfuil sé thar a bheith deacair, i gcleachtas, ar stiúrthóir duine dhlítheanaigh a mhainnigh ina oibleagáid a chomhlíonadh, nó a chomhlíonadh i gceart, chun fógra a thabhairt do na húdaráis bailithe cánach faoina neamhábaltacht chun íoc, d’fhonn dliteanas i leith fiacha cánach an duine dlítheanaigh sin, lena n-áirítear fiacha cánach ar láimhdeachas, a sheachaint?
An mbraitheann an freagra ar Cheist 1 ar cé acu ar ghníomhaigh an stiúrthóir de mheon macánta, a mhéid a ghníomhaigh sé le cúram duine gnó stuama, an ndearna sé gach beart réasúnta atá faoina chumhacht, agus gur féidir a rannpháirtíocht i mí-úsáid nó calaois a chur as an áireamh?
____________
1 Is ainm bréige é seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Invorderingswet 1990 (Dlí 1990 maidir le bailiú cánacha Stáit).