Language of document :

Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 - Taokaenoi Food & Marketing v EUIPO – Norma Lebensmittelfilialbetrieb (TAO KAE NOI)

(Cás T-119/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Taokaenoi Food & Marketing plc (Nonthaburi, an Téalainn) (ionadaí: B. Lhomme-Houzai, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Norma Lebensmittelfilialbetrieb Stiftung & Co. KG (Nürnberg, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh “TAO KAE NOI” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 517 834

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 596/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Freasúra an 20 Eanáir 2023 a chur ar neamhní;

Cur i gcoinne Uimh. B 3 154 347 arna thaisceadh ag Norma Lebensmittelfilialbetrieb Stiftung & Co.KG. i gcoinne cláraithe an iarratais ar thrádmharc Uimh. 18 517 834 a dhíbhé;

a ordú do EUIPO agus má dhéanann sé idiragairt, Norma Lebensmittelfilialbetrieb Stiftung & Co.KG, a gcostais féin agus na gcostais arna dtabhú ag Taokaenoi Food & Marketing Public Company Limited ag gach céim do na himeachtaí freasúra agus na himeachtaí achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________