Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Max Heinr. Sutor v BRA
(Cás T-393/21) 1
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Pléadáil neamhdhleathachta – Teorainneacha le héifeachtaí ama an bhreithiúnais)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Max Heinr. Sutor OHG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Glos, M. Rätz, H.-U. Klöppel agus M. Meisgeier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. De Falco agus T. Wittenberg, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021, a mhéid a bhaineann an cinneadh sin leis, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021, a mhéid a bhaineann sé le Max Heinr. Sutor OHG, ar neamhní.
Déanfar éifeachtaí Chinneadh SRB/ES/2021/22 a choinneáil, a mhéid a bhaineann sé le Max Heinr. Sutor OHG, go dtí go dtiocfaidh cinneadh úr ó BRA i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, ar cinneadh é lena socrófar an ranníocaíocht ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021.
Ordaítear do BRA a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Max Heinr. Sutor OHG, a íoc.
____________
1 IO C 349, 30.8.2021.