Language of document :

Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2023 – Servier agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-1152/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Servier SAS (Suresnes, an Fhrainc), Servier Laboratories Ltd (Slough, an Ríocht Aontaithe), Les Laboratoires Servier SAS (Suresnes) (ionadaithe: J. Killick, T. Reymond, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

(a) a ordú don Aontas Eorpach, atá á ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, cúiteamh airgeadais a íoc:

i. atá ar aon dul leis an ús mainneachtana ar an tsuim EUR 102 668 310 ar ráta úis an Bhainc Cheannais Eorpaigh le haghaidh a oibríochtaí athmhaoinithe, arna mhéadú trí phointe céatadáin go leith, le haghaidh na tréimhse idir an 7 Deireadh Fómhair 2014 agus an 31 Eanáir 2019, dá bharr gurb é EUR 15 965 920 an méid, nó, seachas sin, ar ráta úis arb iomchuí leis an gCoimisiún é;

ii. mar mhalairt air sin, atá ar aon dul leis an ús cúiteach dlite mar atá ag teacht leis an laghdú ar luach an airgid ag an mboilsciú idir an 7 Deireadh Fómhair 2014 agus an 31 Eanáir 2019, arb ionann é agus EUR 6 036 897, nó, seachas sin, atá ar aon dul le leithéid sin de mhéid eile arb iomchuí leis an gCoimisiún í;

(b) a ordú don Aontas Eorpach, atá á ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, ús cúiteach a íoc ar an gcúiteamh airgid atá á éileamh faoi fhomhír (a) roimhe seo le haghaidh na tréimhse idir an 31 Eanáir 2019 agus dáta íoctha iarbhír an mhéid arna íoc i bhfomhír (a) roimhe seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le breithiúnas lena seastar leis an gcaingean seo, ar ráta úis an Bhainc Cheannais Eorpaigh le haghaidh a oibríochtaí athmhaoinithe, arna mhéadú trí phointe céatadáin go leith, nó, seachas sin, ar ráta úis arb iomchuí leis an gCoimisiún é;

(c) mar mhalairt air sin, a ordú don Aontas Eorpach, atá á ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, ús cúiteach a íoc ar an gcúiteamh airgid atá á éileamh faoi fhomhír (a) roimhe seo le haghaidh na tréimhse idir an 31 Eanáir 2019 agus dáta íoctha iarbhír an mhéid arna íoc i bhfomhír (a) roimhe seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le breithiúnas lena seastar leis an gcaingean seo, ar an ráta boilscithe bliantúil mar atá ag teacht, le haghaidh na tréimhse i gceist, le cé acu is airde de ráta boilscithe Eurostat le haghaigh na Fraince nó an ráta boilscithe arna shocrú ag Office of National Statistics le haghaidh RA, nó seachas sin, ús cúiteach a íoc le boilsciú a chúiteamh le haghaidh na tréimhse ama agus ar ráta úis arb iomchuí leis an gCúirt é;

(d) mar mhalairt air sin fós, a ordú don Aontas Eorpach, atá á ionadú ag an gCoimisiún Eorpach, cúiteamh airgid a íoc atá ar aon dul leis an ús mainneachtana ar leithéid sin de shuim arb iomchuí leis an gCúirt í ar ráta úis an Bhainc Cheannais Eorpaigh le haghaidh a oibríochtaí athmhaoinithe, arna mhéadú trí phointe céatadáin go leith, le haghaidh na tréimhse idir an 7 Deireadh Fómhair 2014 agus an 31 Eanáir 2019, móide ús ar chomhráta leis (nó, mar mhalairt air sin, ar ráta arna shocrú faoi na prionsabail a leagtar amach i bhfomhír (c) roimhe seo) go dtí dáta íoctha iarbhír ag an gCoimisiún; agus

(e) a ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus costais na n-iarratasóirí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Is é is príomhéileamh na n-iarratasóirí chun cúiteamh a ghnóthú ná go ndearna an Coimisiún sárú tromchúiseach leordhóthanach ar Airteagal 266 CFAE de bhrí gur theip air ús mainneachtana a íoc ar aisíoc na fíneála aige ar gearradh gan chúis i ndiaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-691/14, Servier SAS agus páirtithe eile v an Coimisiún1

Mar mhalairt air sin, éilíonn na hiarratasóirí cúiteamh toisc go ndearna an Coimisiún sárú tromchúiseach leordhóthanach ar Airteagal 266 CFAE de bhrí gur theip air ús cúiteach a íoc le freagairt don laghdú ar luach an airgid ar aisíoc na fíneála aige ar gearradh gan chúis i ndiaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-691/14, Servier SAS agus páirtithe eile v an Coimisiún.

____________

1 Breithiúnas an 12 Nollaig 2018, Servier agus páirtithe eile v an Coimisiún (T-691/14, EU:T:2018:922).