Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 – Interapothek v EUIPO – Q4 Media (miababy)

(Cás T-1169/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Interapothek, SA (Santomera, an Spáinn) (ionadaí: M. González Aleixandre, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Q4 Media (Poiana Câmpina, an Rómáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘miababy’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 507 117

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 1529/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc;

mar mhalairt air sin (má dhéanann an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc idiragairt), a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc i gcomhpháirt agus go leithleach.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________