Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2023 – Ghiassi v EUIPO – Hersill (VITAE)
(Cás T-1153/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ardeshir Ghiassi (Unna, an Ghearmáin) (ionadaí: G. Vierkötter, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hersill, SL (Móstoles, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VITAE’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 078 858
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2392/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________