Caingean arna tabhairt an 28 Samhain – Asociația Inițiativa pentru Justiție v an Coimisiún
(Cás T-1126/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Asociația Inițiativa pentru Justiție (Constanţa, an Rómáin) (ionadaithe: V. D. Oanea, Dlíodóir, agus C. Zatschler, Abhcóide Sinsir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2023/1786 an 15 Meán Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/928/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe 1 a chur ar neamhní; agus
a ordú don Choimisiún a chostais féin a iompar agus costais an iarratasóra a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe agus earráidí dlí trí chinneadh gur comhlíonadh na tagarmharcanna arna socrú le Cinneadh 2006/928/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (‘CVM’).
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua arna cumhdach in Airteagal 269 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2 agus Airteagal 49 CAE agus ar cheanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta de bharr nár bhfuarthas comhaontú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle roimh dheireadh a chur le cur i bhfeidhm CVM, agus roimh é a aisghairm.
– Ceanglaíodh ar CVM go polaitiúil agus go dlíthiúil cead a thabhairt don Rómáin bheith ina Ballstát den Aontas Eorpach, d’aineoinn nár chomhlíon sí Critéir Chóbanhávan agus nár chloí sí go hiomlán le hAirteagal 49 CAE, lena n-áitítear comhlíonadh iomlán le hAirteagal 2 CAE mar conditio sine qua non d’aontachas.
– Ar an gcaoi sin, ní cinneadh aontaobhach lánroghnach ón gCoimisiún ab ea é bunú CVM, agus chun comhthreomhaireacht le coinníollacha a institiúide a chinntiú, tá gá ar a laghad le cead ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun CVM a aisghairm freisin. Gan é a bheith riachtanach a chinneadh an mbeadh gá leis na tromlaigh a fhorordaítear le hAirteagal 49 CAE (aontoilíocht ag an gComhairle agus tromlach simplí sa Pharlaimint), níor iarradh ná ní bhfuar an Coimisiún aon chead éifeachtach ó ceachtar de na hInstitiúidí sin.
– Ina theannta sin, chuir an Coimisiún deireadh leis an bhfaireachán faoi CVM gan fanacht ar aiseolas ón dá Institiúid eile, rud a chuireann fait accompli os comhair na hInstitiúidí eile, lena ndéantar sabaitéireacht ar a chumas féin na measúnuithe lena mbeartaítear CVM a aisghairm atá de dhualgas air a dhéanamh níos déanaí.
____________
1 OI 2023 L 229, lch. 94.