Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) arna taisceadh an 11 Bealtaine 2022 —– Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) v College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden, le hidiragairt ó BASF Nederland BV (BASF)

(Cás C-310/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe)

Cosantóir: College voor de toelating van gewasbeschermingsmiddelen en biociden

Idiragraí: BASF Nederland BV (BASF)

Na ceisteanna a tharchuirtear

An léirítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(1) de Rialachán 1107/2009,1 arna léamh i gcomhar le mír 3.6.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, nach gá measúnú a dhéanamh a thuilleadh ar airíonna réabtha iontálaigh a d’fhéadfadh a bheith déanta ag substaint ghníomhach le linn an mheasúnaithe ar leibhéal náisiúnta ar iarratas ar tháirge cosanta plandaí a údarú?

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gciallaíonn sé sin nach bhfuil gá go gcuirfí na tuairimí eolaíocha agus an t-eolas teicniúil ar airíonna réabtha iontálaigh, amhail atá, mar shampla, mar bhonn le Rialacháin 283/20131 agus 2018/605,2 san áireamh sa mheasúnú ar údarú táirge cosanta plandaí? Cén chaoi a luíonn sé sin leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 29(1)(e) de Rialachán 1107/2009 nach mór an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn eolais eolaíoch agus theicniúil reatha?

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, cén chaoi a bhfuil leigheas éifeachtach ag eagraíocht neamhrialtasach amhail an t-achomharcóir de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt chun formheas ar shubstaint ghníomhach a chur faoi bhráid cúirte?

I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist an gciallaíonn sé sin, agus measúnú á dhéanamh ar iarratas ar údarú, go bhfuil staid an eolais eolaíoch agus theicniúil ar na hairíonna réabtha iontálaigh sin cinntitheach an tráth sin?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais maidir le sonraí i gcás substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO 2013 L 93, lch. 1).

1 Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO 2018, L 101, lch. 33).