Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Light Tec v EUIPO – DecoTrend (Scáthlán lampa)
(Cás T-10/23) 1
(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht – Dearadh Comhphobail arna chlárú lena léirítear réalta – Dearadh roimhe seo a táirgeadh i ndiaidh na hiarrata ar dhearbhú neamhbhailíochta a thionscamh – Airteagal 28(1)(b)(v) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 – Cumhacht lánroghnach an Bhoird Achomhairc – Airteagal 63(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Oibleagáid cúiseanna a lua – An ceart éisteacht a fháil)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Light Tec Ltd (Tsuen Wan, Hong Cong, an tSín) (ionadaí: M. H. Hoffmann, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: E. Nicolás Gómez, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: DecoTrend GmbH (Weiden in der Oberpfalz, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Klawitter, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Samhain 2022 (Cás R 2105/2021-3).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Light Tec Ltd, a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag DecoTrend GmbH, a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 71, 27.2.2023.