Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Meta Platforms Ireland v BECS

(Cás T-682/22)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan, D. Breatnach, Aturnaetha, D. McGrath, A. Fitzpatrick, I. McGrath, SC, agus E. Egan McGrath, Abhcóide Dlí)

Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Ceangailteach 2/2022 ó BECS an 28 Iúil 2022, lenar dearbhaíodh gur sháraigh Meta Ireland ceanglais áirithe a leagtar amach le Rialachán Uimh. 2016/679 (RCGS) a chur ar neamhní ina iomláine nó, mar mhalairt air sin, na codanna ábhartha de a chur ar neamhní; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.     An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh BECS os cionn a chuid inniúlachta faoi Airteagal 65 de RGCS.

2.     An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 6(1)(f) de RCGS leis an bhforáil seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart trí mhainneachtain tástáil cothromúcháin cuí a dhéanamh, neamhaird a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí agus trí mhainneachtain leas dlisteanach a shuíomh.

3.     An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear le hAirteagal 41 den Chairt trí neamhaird a thabhairt ar cheart Meta Ireland éisteacht a fháil agus ar na hoibleagáidí ar BECS measúnú cuimsitheach, cóir agus neamhchlaonta a dhéanamh agus cúiseanna a shonrú go leordhóthanach.

4.     An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 83 de RCGS agus bunphrionsabail éagsúla lena rialaítear socrú fíneálacha faoi RGCS.

____________