Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 8 de La Coruña (an Spáinn) a taisceadh an 4 Eanáir 2024 – Abanca Corporación Bancaria, SA v WE

(Cás C-231/24, Abanca Corporación Bancaria)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia nº 8 de La Coruña

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Abanca Corporación Bancaria, SA

Cosantóir: WE

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil clásal luathfhoirceanta lena bhforáiltear don fhéidearthacht é a chur ó fheidhm nó a sheachaint laistigh de thréimhse ama arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 7 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, 1 nó an gá a leithéid d’fhéidearthacht a aithint le riail náisiúnta ar leith; agus

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, céard is tréimhse ama réasúnta ann?

____________

1 IO 1993, L 95, lch. 29