Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Ustavni sud Republike Hrvatske (an Chróit) a taisceadh an 28 Aibreán 2023 – E. P. v Ministarstva financija Republike Hrvatske, Samostalni sektor za drugostupanjski upravni postupak

(Cás C-277/23, Ministarstvo financija)

Teanga an cháis: an Chróitis

An chúirt a rinne an tarchur

Ustavni sud Republike Hrvatske

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir i ngearán bunreachtúil: E. P.

Páirtí eile sna himeachtaí: Ministarstvo financija Republike Hrvatske, Samostalni sektor za drugostupanjski upravni postupak

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir leis na forálacha d’Airteagail 18, 20, 21 agus den dara fhleasc d’Airteagal 165(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO 2016 C 202, lch. 1), an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit ar dá réir a chuirtear tuismitheoir óna cheart chun cur leis an méid bunúsach a bhaintear in aghaidh na bliana as a bhonn cánach ioncaim le haghaidh leanbh cleithiúnach i gcás inar íocadh leis an leanbh sin cúnamh soghluaisteachta mac léinn ar mó é ná an tairseach socraithe forordaithe, mar mhac léinn cleithiúnach a d’fheidhmigh a shaoirse ghluaiseachta agus chónaithe chun críocha oideachais i mBallstát eile, rud a fhágann gur bhain sé úsáid, de bhun gníomhartha cur chun feidhme náisiúnta, as bearta dá bhforáiltear le hAirteagal 6(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO 2013 L 347, lch. 50) chun críocha fheidhmiú na gluaiseachta mac léinn ó Bhallstát ina bhfuil costais airmheánacha maireachtála níos ísle nó meánach go Ballstát ina bhfuil costais airmheánacha maireachtála níos airde, mar a shainmhínítear le critéir an Choimisiúin Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 18(7) den Rialachán sin?

Maidir le hAirteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1), an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Bhallstáit ar dá réir a chuirtear tuismitheoir óna cheart chun cur leis an méid bunúsach a bhaintear in aghaidh na bliana as a bhonn cánach ioncaim le haghaidh mac léinn cleithiúnach, dar tugadh an cúnamh saorghluaiseachta mac léinn le linn tréimhse staidéir i mBallstát eile dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO 2013 L 347, lch. 50)?

____________