Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Sjonowy Katowice — Zachód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 28 Aibreán 2023 — Skarb Państwa – Dyrektor Okręgowegogo Urzędu Miar w K. v Z. sp.j.
(Cás C-279/23, Skarb Państwa)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy Katowice – Zachód w Katowicach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Skarb Państwa — Dyrektor Okręgowegogogogo Urzędu Miar w K.
Cosantóir: Z. sp.j.
An ceist a tharchuirtear
An gcuirtear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála 1 bac ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaidh cúirt náisiúnta caingean le haghaidh cúitimh as na costais aisghabhála dá dtagraítear san fhoráil sin a dhíbhe ar an bhforas nach suntasach a bhí moill an fhéichiúnaí ar íocaíocht nó ar an bhforas gur bheag an méid a bhí an féichiúnaí déanach ag íoc?
____________
1 IO 2011 L 48, lch. 1.