Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 9 Meitheamh 2023 – “Vivacom Bulgaria” EAD v Varhoven administrativen sad, Natsionalna agentsia za prihodite
(Cás C-369/23, Vivacom Bulgaria)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: “Vivacom Bulgaria” EAD
Cosantóirí agus freagróirí ar an achomharc ar phointe dlí: Varhoven administrativen sad, Natsionalna agentsia za prihodite
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 2c(1)(1) den Zakon za otgovornostta na darzhavata i obshtinite za vredi (Dlí maidir le dliteanas an Stáit agus na mbardas as damáiste), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 203(3) agus Airteagal 128(1)(6) den Administrativnoprotsesualen kodeks (Cód an Nós Imeachta Riaracháin), faoina bhfuil caingean le haghaidh cúitimh i ndáil le damáiste mar gheall ar shárú de chuid an Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, “VAS”) ar dhlí an Aontais, ina bhfuil VAS an cosantóir, le scrúdú ag an gcúirt sin ag an gcéim dheiridh?
____________