Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 9 Meitheamh 2023 – EA v Artemis security
(Cás C-367/23, Artemis security)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: EA
Cosantóir: Artemis security SAS
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcomhlíontar, le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre, na coinníollacha lena dtiocfadh éifeacht dhíreach i bhfeidhm agus lena n-agródh oibrí é i ndíospóid a bhaineann leis ?
An gcaithfear Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2003/88/CE a léiriú ar chaoi go dtéann sé in aghaidh reachtaíocht nó cleachtais náisiúnta ar ar a mbun, i gcás sáruithe ar na forálacha arna nglacadh chun na bearta riachtanacha a chur chun feidhme ar mhaithe le measúnú saor in aisce ar shláinte an oibreora, a chuirtear ceart cúitimh an oibreora faoi réir cruthúnais ar an díobháil a d’eascair as an sárú sin?
____________