Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-742/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Arkadievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Mean Fómhair 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin1 , a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin1 , a chur ar neamhní;

an cinneadh a rinneadh an t-iarratasóir a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle1 , arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhniú,

le chéile, “na gníomhartha atá faoi chonspóid”, sa mhéid go n-áirítear an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach na gníomhartha atá faoi chonspóid

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus earráid fhollasach an mheasúnaithe de chuid na Comhairle agus athbhreithniú á dhéanamh ar iarratas riaracháin an iarratasóra maidir le díliostú a taisceadh an 31 Bealtaine 2022.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgas cruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagail 1 (1)(a) agus 2 (1)(a) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3 (1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear eisceacht na neamhdhleathachta; sárú ar phrionsabal na comhréireachta de réir na gcritéar liostaithe a leagtar amach in Airteagal 1(1)(g) agus 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear eisceacht na neamhdhleathachta; sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagal 1(1) (g) agus 2(1) (g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgas cruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagal 1(1)(g) agus 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/14 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d), (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha an iarratasóra; sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus saoirse chun gnó a dhéanamh agus sárú ar Airteagal 16 agus Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

____________

1 IO 2022, L 239, lch. 149.

1 IO 2022, L 239, lch. 1.

1 IO 2014, L 78, lch. 16.