Caingean arna tabhairt an 26 Meitheamh 2023 — AC Marca Brands v EUIPO — den Ouden (SANITIEN)
(Cás T-345/23)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AC Marca Brands, SL (Madrid, an Spáinn) (arna ionadú ag: D. Pellisé Urquiza agus J. C. Quero Navarro, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Julia den Ouden (Amstardam, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “SANITIEN” — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 384 320
Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 19 Aibreán 2023 i gCás R 1733/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus/nó do Julia den Ouden costais na gníomhaíochta seo agus na n-imeachtaí freasúra agus achomhairc os comhair EUIPO a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________