Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 26 Aibreán 2023 – A. S.A. v Dyrektor izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy

(Cás C-266/23, Dyrektor izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A. S.A.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear a Airteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 1 a léiriú sa chaoi nach mór a áireamh i gcostas iarbhír an fhuinnimh a cheannaítear ach praghas ceannaigh an leictreachais féin, d’eisiamh aon mhuirir bhreise, mar shampla muirear dáilte, nach mór a íoc faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát chun leictreachas a cheannach?

An gcaithfear Airteagal 17(1)(a) de Threoir 2003/96 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhíolúine ó dhleacht mháil a eisiamh maidir le leictreachas a cheannach le haghaidh gnó dianfhuinnimh [Airteagal 31d(1) de Ustawa z 6 grudnia 2008 r. o podatku akcyzowym (Dlí an 6 Nollaig 2008 maidir le dleacht mháil (Dz. U. 2022, mír 143)] i gcás ina dtairbhíonn an gnó sin de dhíolúine o dhleacht mháil a bhaineann go sonrach le réad faoi reachtaíocht náisiúnta (Airteagal 30(7a) den Dlí maidir le dleacht mháil), nuair a léiríonn an gnólacht sin, i ndáil leis an bhfuinneamh céanna, nach dtairbhíonn sé den dá dhíolúine sin ag an am céanna, agus ag glacadh leis nach mó méid iomlán na ndíolúintí ná méid na dleachta máil a íocadh don tréimhse ama chéanna?

____________

1 IO 2003 L 283, lch. 51.