Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 14 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Cluj - an Rómáin) – Alfasoft S.A. v Agenția pentru Întreprinderi Mici și Mijlocii, Atragere de Investiții și Promovare a Exportului Cluj-Napoca
(Cás C-474/23, 1 Alfasoft)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Ceanglas maidir le cúiseanna a chur in iúl lena dtugtar údar leis an ngá do fhreagra ón gCúirt – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe
Iarratasóir: Alfasoft S.A.
Cosantóir: Agenția pentru Întreprinderi Mici și Mijlocii, Atragere de Investiții și Promovare a Exportului Cluj-Napoca
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Cluj (an Chúirt Achomhairc, Cluj, an Rómáin) a rinneadh le cinneadh an 3 Iúil 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 Dáta taiscthe: 25.7.2023.