Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – v EUIPO – Converso (Pherla)
(Cás T-357/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Pherla – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe VERLA – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Verla-Pharm Arzneimittel GmbH & Co. KG (Tutzing, an Ghearmáin) (ionadaí : M.-C. Seiler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta :Valeria Converso (San Giorgio a Cremano, an Iodáil) (ionadaí : F. Musella, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón Dara Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Feabhra 2023 (Cás R 268/2022-2).
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón Dara Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Feabhra 2023 (Cás R 268/2022-2) ar neamhní.
Díbhtear an chuid eile den chaingean.
Ordaítear do EUIPO a chostais féin chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag Verla-Pharm Arzneimittel GmbH & Co. KG a íoc.
Ordaítear do Valeria Converso a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 296, 21.8.2023.