Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 5 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunalul Specializat Mureş – an Rómáin) – Investcapital Ltd v XF, KJ
(Cás C-177/23, 1 Investcapital)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais –Ceist ina bhféadfar freagra a bhaint go soiléir as an gcásdlí atá ann –– Treoir 93/13/CEE – Conarthaí tomhaltóra – Raon feidhme – Airteagal 1(2) – Téarmaí conarthacha a eisiamh lena léirítear forálacha éigeantacha reachtúla nó rialála – Téarma lena léirítear foráil dhlíthiúil shainordaitheach náisiúnta ag aithint ceart iasachtóra fiacha arna eascairt as conarthaí creidmheasa tomhaltóra a dhiúscairt gan toiliú na tomhaltóra sin)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Specializat Mureş
Páirtithe
Iarratasóir: Investcapital Ltd
Cosantóirí: XF, KJ
I láthair: Banca Comercială Română SA, Kruk SA
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1(2) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl feidhm ag an Treoir sin ar théarma conartha creidmheasa tomhaltóra lena léirítear foráil dhlíthiúil shainordaitheach náisiúnta ag aithint ceart iasachtóra fiacha arna eascairt as conarthaí creidmheasa gan toiliú na tomhaltóra lena mbaineann.
____________
1 Dáta taiscthe: 21.3.2023