Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 23 Aibreán 2023 ag Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-301/20, Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún

(Cás C-261/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach agus Tech-Fab Europe eV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní,

glacadh leis an gcéad, an tríú agus an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí ag an gcéad chéim, agus

a ordú don chosantóir agus aon idiragraí na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an gcéad chéim.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt ag na hachomharcóirí i gcoinne Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 1 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte.

Mar thaca leis an achomharc seo, maíonn na hachomharcóirí trí fhoras achomhairc, is iad sin:

An chéad fhoras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí ós rud é nach raibh praghas spóil snáithín gloine i dtaifid Hengshi ar neamhthuilleamaí, go raibh gá an praghas sin a choigeartú faoin dara coinníoll den chéad fhomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála. 1

An dara foras achomhairc: níor léirigh an Chúirt Ghinearálta an dara fomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála i gceart agus níor chuir sí i bhfeidhm i gceart í nuair a rialaigh sí go raibh údar maith ag an gCoimisiún nuair a choigeartaigh sé costas spóil snáithín gloine Hengshi ar “aon bhonn réasúnach eile” agus chuir sí an dlí i bhfeidhm go mícheart nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún a oibleagáid chun cúiseanna a lua agus ghlac sí, go hearráideach, le cúiseanna ar ardaíodh don chéad uair os comhair na Cúirte Ginearálta.

An tríú foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rialaigh sí nár fhorchur an Coimisiún dleacht frithdhumpála lena sáraítear an corrlach dumpála agus, dá bhrí sin, nár sháraigh sé Airteagal 9(4) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála.

Maidir leis an gcéad fhoras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, ós rud nach raibh praghas spóil snáithín gloine i dtaifid Hengshi ar neamhthuilleamaí, nach bhféadfaí a mheas gur cuireadh san áireamh go réasúnta sa phraghas sin na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an earra atá i gceist, agus, dá bhrí sin, go raibh gá an praghas sin a choigeartú faoin dara coinníoll den chéad fhomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála. Go háirithe, maíonn na hachomharcóirí nár bhain an Chúirt Ghinearálta an chonclúid cheart as an bhfíoras nach mór léiriú docht a dhéanamh ar an dara coinníoll den chéad fhomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála. Thairis sin, níor bhain an Chúirt Ghinearálta an chonclúid ceart as an bhfíoras nach mór an dara coinníoll den chéad fhomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála a léiriú i bhfianaise Airteagal 2.2.1.1 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT arna léiriú ag Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT.

Maidir leis an dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí dhá argóint. Ar an gcéad dul síos, maíonn siad go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go raibh údar maith ag an gCoimisiún nuair a choigeartaigh sé costas spóil snáithín gloine Hengshi ar “aon bhonn réasúnach eile” i gcomhréir leis an eisceacht dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála ós rud é nach mór léiriú docht a dhéanamh ar an eisceacht sin. Ar an dara dul síos, maíonn na hachomharcóirí gur chuir an Chúirt Ghinearálta an dlí i bhfeidhm go mícheart nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún a oibleagáid chun cúiseanna a lua maidir leis an gcoigeartú thuasluaite a dhéanamh ós rud é gur bhain an Chúirt Ghinearálta míchiall as an dearbhú ábhartha den Rialachán atá faoi chonspóid, lena mínítear, mar a líomhnaítear, cén fáth go raibh air dul i muinín na heisceachta dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 2(5) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála agus go raibh sí mícheart nuair a chinn sí go raibh na cúiseanna a bhain le “[h]inchomparáideacht” Hengshi agus Jushi mar “cheist chúlra amháin”.

Maidir leis an tríú foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí, ar na cúiseanna arna míniú sa chéad agus sa dara foras achomhairc, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mheas nár léirigh na hachomharcóirí go ndearna an Coimisiún earráidí dlí nó earráid fhollasach mheasúnaithe agus gnáthluach ríofa Hengshi á leagan síos. Mar thoradh air sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin nuair a rialaigh sí nár fhorchur an Coimisiún dleacht frithdhumpála lena sáraítear an corrlach dumpála agus, dá bhrí sin, nár sháraigh sé Airteagal 9(4) den Bhun-Rialachán Frithdhumpála.

____________

1 IO 2020 L 108, lch. 1.

1 Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).