Iarraidh ar réamhrialú ó Najvyšší Správny súd Slovenskej republiky (an tSlóvaic) a taisceadh an 13 Meitheamh 2023 – Mesto Rimavská Sobota v Ministerstvo pôdohospodárstva a rozvoja vidieka Slovenskej republiky
(Cás C-370/23, Mesto Rimavská Sobota)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Najvyšší Správny súd Slovenskej republiky
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Mesto Rimavská Sobota
Cosantóir: Ministerstvo pôdohospodárstva a rozvoja vidieka Slovenskej republiky
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh a léiriú sa chaoi gurb ionann adhmad amh agus adhmad breosla a chur ar an margadh freisin ar chomaoin de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin, más rud é, faoin gcomhaontú lamháltais lománaíochta, go ndéanann an ceannaitheoir an t-adhmad a lománú faoi threoir agus faoi mhaoirseacht an díoltóra?
____________
1 IO 2010 L 295, lch. 23.