Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-206/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. De Meester, E. Ruseva)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a chinneadh nár chomhlíon Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 36 de Threoir (AE) 2018/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn 1 , nár ghlac sí na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin go léir is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh agus nár chuir sí na forálacha sin in iúl don Choimisiún.

a ordú do Phoblacht na Bulgáire cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún a chomhfhreagraíonn don mhéid is airde den dá shuim a leanas: (a) ráta laethúil i suim EUR 1 800, arna iolrú faoin líon laethanta idir an lá i ndiaidh an lae a chuaigh an spriocdháta trasuí dá dtagraítear sa Treoir in éag agus an lá a cuireadh deireadh leis an sárú ar na Conarthaí nó, i gcás nár cuireadh deireadh leis an sárú ar na Conarthaí, an lá a fhógrófar an breithiúnas sa chás seo; (b) íos-chnapshuim i suim EUR 504 000.

i gcás go bhfuil ann fós do neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí arna chinneadh faoi Phointe 1 ar an dáta a dhéanfar an breithiúnas a fhógairt sna himeachtaí seo, a ordú do Phoblacht na Bulgáire íocaíocht phionósach i suim EUR 9 720 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh gach lae ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoin Treoir; agus

a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Foráiltear i dTreoir (AE) 2018//2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn do chreat dlí chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite sna hearnálacha leictreachais, téimh agus fuaraithe agus in earnáil an iompair san Aontas Eorpach a chur chun cinn. Leagtar síos mar chuspóir ceangailteach ar an Aontas go ndéanfar ar a laghad 32% den fhuinneamh a ghiniúint as foinsí in-athnuaite faoi 2030. Foráiltear do bhearta sa Treoir lena n-áirithítear go mbeidh an tacaíocht d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite éifeachtach ó thaobh na heacnamaíocha de agus go mbeidh na nósanna imeachta riaracháin i ndáil le tionscadail i réimse an fhuinnimh as foinsí in-athnuaite cuíchóirithe. Déantar rannpháirtíocht na saoránach sa réabhlóid fuinnimh níos éasca chomh maith agus cuirtear deiseanna ar fáil leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid agus chun comhlachtaí fuinnimh in-athnuaite a bhunú. Thairis sin, cinneadh sa Treoir sainchuspóirí maidir le sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnauite sna hearnálacha téimh agus fuaraithe agus in earnáil an iompair a ardú faoi 2030, mar a bhfuil dul chun cinn níos moille á dhéanamh i dtaobh foinsí fuinnimh in-athnuaite ná mar atá san earnáil leictreachais. Leis an Treoir, cuirtear leis na critéir chun inbhuanaitheacht an fhuinnimh in-athnuaite a áirithiú.

An 23 Iúil 2021, sheol an Coimisiún fógra foirmiúil chuig Poblacht na Bulgáire inar mheabhraigh sé di go raibh spriocdháta trasuí na Treorach tar éis dul in éag agus nár cuireadh na bearta chun an Treoir a thrasuí ina hiomláine in iúl don Choimisiún go fóill. An 2 Nollaig 2021, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Bulgáire i gcomhréir le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Fós féin, níor glacadh na bearta chun an Treoir a thrasuí go fóill nó, ar aon chaoi, níor cuireadh sin in iúl don Choimisiún.

____________

1 IO 2018 L 328 lch. 82.