Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Mainz (an Ghearmáin) a taisceadh an 31 Márta 2023 – FT agus RRC Sports GmbH v Fédération Internationale de Football Association (FIFA)

(Cás C-209/23, RRC Sports)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Mainz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: FT, RRC Sports GmbH

Cosantóir: Fédération Internationale de Football Association (FIFA)

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 101 CFAE (toirmeasc ar chairtéil), Airteagal 102 CFAE (toirmeasc ar mhí-úsáid ceannasachta) agus Airteagal 56 CFAE (an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar) mar aon le hAirteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar rialacha arna nglacadh ag comhlachas domhanda spóirt (FIFA sa chás seo), a bhfuil 211 chomhlachas náisiúnta spóirt den spórt lena mbaineann (sacar sa chás seo) ina mbaill de, agus, dá bhrí sin, a bhfuil a rialacha ina gceangal ar fhormhór na ngníomhaithe atá gníomhach sna sraithchomórtais náisiúnta faoi seach den spórt sin ar aon nós (clubanna (lena n-áirítear clubanna sacair a eagraítear mar chuideachtaí caipitil)), imreoirí (ar baill den chlub iad) agus gníomhairí imreora sa chás seo), agus a leagtar síos iontu:

(1)    toirmeasc ar luach saothair gníomhairí imreora a chomhaontú nó a íoc le gníomhairí imreora atá níos airde ná uasmhéid ar céatadán é de tháille aistrithe nó luach saothair bliantúil an imreora sin;

mar a fhoráiltear in Airteagal 15(2) de na FIFA Football Agent Regulations (FFAR);

(2)    toirmeasc ar thríú páirtithe íoc as an luach saothair atá dlite faoin gconradh leis an gníomhaire imreora i leith comhpháirtí conartha an ghníomhaire imreora;

mar a fhoráiltear in Airteagail 14(2) agus (3) de FFAR,

(3)    toirmeasc ar chlubanna, i gcás ina bhfuil gníomhaire imreora ag gníomhú don chlub earcaíochta agus don imreoir, níos mó ná 50% den luach saothair iomlán atá dlite ón imreoir agus ón gclub as seirbhísí an ghníomhaire imreora a íoc,

mar a fhoráiltear in Airteagal 14(10) de FFAR,

(4)    chun ceadúnas mar ghníomhaire imreora a dheonú, ar réamhchoinníoll é chun seirbhísí mar ghníomhaire imreora a chur ar fáil, éilítear go n-aontóidh an t-iarratasóir le rialacháin inmheánacha an chomhlachais dhomhanda spóirt (sa chás seo, FFAR, Bunreacht FIFA, Cód Araíonachta FIFA, Cód Eitice FIFA, Rialacháin FIFA maidir le Stádas agus Aistriú Imreoirí chomh maith le reachtanna, rialacháin, treoirlínte agus cinntí údarás agus comhlachtaí) agus lena dhlínse mar chomhlachas agus dlínse cónaidhmeanna agus comhlachais is baill,

mar a fhoráiltear in Airteagal 4(2), Airteagal 16(2)(b) agus Airteagal 20 de FFAR, i gcomhar le hAirteagal 8(3), Airteagal 57(1) agus Airteagal 58(1) agus (2) de Bhunreacht FIFA, Airteagal 5(a), Airteagal 49 agus Airteagal 53(3) de Chód Araíonachta FIFA, agus Airteagal 4(2) agus Airteagal 82(1) den Chód Eitice,

(5)    riachtanais chun ceadúnas a dheonú mar ghníomhaire imreora, faoina gcuirtear as an áireamh go buan go bhféadfar ceadúnas a dheonú i gcás ciontuithe nó socruithe in imeachtaí coiriúla nó cur ar fionraí dhá bhliain nó níos mó, cur ar fionraí nó aistarraingt ceadúnais, nó aon dícháiliú eile a rinne údarás nó comhlacht rialála spóirt, gan an fhéidearthacht a bheith ann ceadúnas a dheonú ar dháta níos déanaí;

mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1)(a)(ii) agus (iii) de FFAR,

(6)    toirmeasc ar ghníomhairí imreora, i dtaca le comhaontú aistrithe agus/nó conradh fostaíochta a chur i gcrích, seirbhísí gníomhaire imreora nó aon seirbhísí eile a sholáthar dóibh seo a leanas, agus íocaíocht a fháil as na seirbhísí sin uathu:

(a)    an club a scaoileann leo agus an club earcaíochta,

(b)    an club a scaoileann leo agus an t-imreoir,

(c)    aon pháirtithe rannpháirteacha (an club a scaoileann leo, an club earcaíochta agus an t-imreoir),

mar a fhoráiltear in Airteagal 12(8) agus (9) de FFAR, agus

(6a)    toirmeasc ar ghníomhairí imreora, i dtaca le comhaontú aistrithe agus/nó conradh fostaíochta a chur i gcrích, i dteannta le gníomhaire imreora nasctha, seirbhísí gníomhaire imreora nó aon seirbhísí eile a sholáthar dóibh seo a leanas, agus íocaíocht a fháil as na seirbhísí sin uathu:

(a)    an club a scaoileann leo agus an club earcaíochta,

(b)    an club a scaoileann leo agus an t-imreoir,

(c)    aon pháirtithe rannpháirteacha (an club a scaoileann leo, an club earcaíochta agus an t-imreoir),

má áirítear i gcoincheap an ghníomhaire imreora nasctha comhar de réir an tsainmhínithe ar “Connected Football Agent” a leagtar síos in FFAR (an ceathrú fomhír ar lch. 6 de FFAR),

mar a fhoráiltear in Airteagal 12(10) de FFAR, i gcomhar leis an sainmhíniú ar Connected Football Agent sa cheathrú fomhír ar lch. 6 de FFAR,

(7)    toirmeasc ar ghníomhairí imreora dul i dteagmháil le, nó comhaontú ionadaíochta a chur i gcrích le, club, imreoir nó comhlachas is ball den chomhlachas domhanda spóirt nó duine dlítheanach a oibríonn “Single-Entity League” dá gceadaítear gníomhairí imreora a earcú agus a bhfuil comhaontú eisiach curtha i gcrích acu le gníomhaire imreora eile,

mar a fhoráiltear in Airteagal 16(1)(b) agus (c) de FFAR,

(8)    ní mór ainmneacha agus sonraí maidir le gach gníomhaire imreora, ainmneacha na gcliant dá ndéanann siad ionadaíocht, na seirbhísí gníomhaire imreora a sholáthraíonn siad do gach cliant aonair agus/nó na sonraí faoi gach idirbheart ina bhfuil gníomhairí imreora páirteach, lena n-áirítear an luach saothair is iníoctha leis na gníomhairí imreora, a uaslódáil ar ardán de chuid an chomhlachais dhomhanda spóirt agus cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil i bpáirt do chlubanna, imreoirí nó gníomhairí imreora eile,

mar a fhoráiltear in Airteagal 19 de FFAR,

(9)    toirmeasc ar luach saothair i leith seirbhísí gníomhairí imreora a chomhaontú ar aon bhonn eile seachas luach saothar an imreora nó an táille aistrithe,

mar a fhoráiltear in Airteagal 15(1) de FFAR,

(10)    glactar leis go bhfuil seirbhísí eile a sholáthraíonn gníomhaire imreora nó gníomhaire imreora atá nasctha leis sna 24 mhí sula soláthraítear seirbhís gníomhaire imreora do chliant atá páirteach in idirbheart dár cuireadh seirbhísí gníomhaire imreora ar fáil nó sna 24 mhí i ndiaidh an tsoláthair sin mar chuid de na seirbhísí gníomhaire imreora agus, a mhéid nach féidir an toimhde sin a bhréagnú, meastar go dtagann luach saothair seirbhísí eile faoin luach saothair a íoctar as na seirbhísí gníomhaire imreora,

mar a fhoráiltear in Airteagal 15(3) agus (4) de FFAR,

(11)    ní mór ríomh mhéid luach saothair an ghníomhaire imreora ar bhonn pro rata a bhunú ar an tuarastal iarbhír a fuair an t-imreoir, agus air sin amháin,

mar a fhoráiltear in Airteagal 14(7) agus (12) de FFAR,

(12)    ceanglaítear ar ghníomhairí imreora an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh don chomhlachas domhanda spóirt:

(a)    laistigh de 14 lá óna chur i gcrích: aon chomhaontú le cliant seachas comhaontú ionadaíochta, lena n-áirítear seirbhísí eile, ach gan teorainn don mhéid sin, agus an fhaisnéis a iarrtar ar an ardán,

(b)    laistigh de 14 lá óna íoctar an luach saothair: an fhaisnéis a iarrtar ar an ardán,

(c)    laistigh de 14 lá óna íoctar aon luach saothair a bhaineann le haon chomhaontú le cliant seachas comhaontú ionadaíochta: an fhaisnéis a iarrtar ar an ardán,

(d)    laistigh de 14 lá ón teagmhas: aon socrú conarthach nó de chineál eile idir gníomhairí imreora chun comhoibriú a dhéanamh ó thaobh seirbhísí a sholáthar nó chun ioncam nó brabús d’aon chuid dá seirbhísí gníomhairí imreora a chomhroinnt,

(e)    má chuireann siad a ngnóthaí i gcrích trí ghníomhaireacht, laistigh de 14 lá ón gcéad idirbheart lena mbaineann an ghníomhaireacht: líon na ngníomhairí imreora a úsáideann an ghníomhaireacht chéanna chun a ngnóthaí a chur i gcrích agus ainmneacha na bhfostaithe go léir,

mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2)(j)(ii) go (v) agus (k)(ii) de FFAR,

(13)    toirmeasc ar chlubanna luach saothair nó luach saothair nó gnéithe den luach saothair a chomhaontú le gníomhairí imreora maidir le himreoirí a aistriú sa todhchaí nó luach saothair nó gnéithe den luach saothair a íoc le gníomhairí imreora, a bhfuil a ríomh ag brath (freisin) ar an gcúiteamh aistrithe todhchaí a gheobhaidh an club ó aistriú an imreora ina dhiaidh sin,

mar a fhoráiltear in Airteagal 18ter(1), an chéad rogha, de Rialacháin FIFA maidir le Stádas agus Aistriú Imreoirí (FIFA RSTP) agus Airteagal 16(3)(e) de FFAR.

____________

1     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).