Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul București (an Rómáin) a taisceadh an 28 Márta 2023 — Engie România SA v Autoritatea Națională de Reglementare în Domeniul Energiei

(Cás C-205/23, Engie România)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Engie România SA

Cosantóir: Autoritatea Națională de Reglementare în Domeniul Energiei

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhféadfadh sárú líomhnaithe ar an ceanglas trédhearcachta atá ar sholáthróirí gáis nádúrtha i ndáil le tomhaltóirí teaghlaigh, a chuirtear chun feidhme sa reachtaíocht náisiúnta agus a mheastar gur sárú riaracháin (contravenția),  faoin reachtaíocht sin, a bheith ina chúis freisin leis an údarás inniúil náisiúnta a cheanglaíonn ar sholáthróir gáis nádúrtha praghas a chur i bhfeidhm ar thomhaltóirí, ar praghas é a fhorchuirtear trí mhodhanna riaracháin agus nach gcuirtear san áireamh ann prionsabal na saoirse  i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha: a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2009/73/CE?1

Ós rud gur bhforchuir an údarás um chosaint tomhaltóirí agus ag an rialtóir fuinnimh araon fíneáil ar sholáthróir gáis nádúrtha, trí dhá thuarascáil ar leith maidir le sárú lena bhforchuirtear na bearta céanna ar an soláthraí (dúbailt gníomhartha riaracháin lena bhforchuirtear bearta) an féidir é sin a mheas mar shrian cuí ar an bprionsabal ne bis in idem faoi Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó an sárú ar an bprionsabal sin é?

An bhfuil meascán gníomhartha den sórt sin arna dtarraingt suas ag údaráis éagsúla lena bhforchuirtear na bearta céanna, ar bhonn na bhfíoras céanna  i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta?

____________

1 Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO 2009 L 211, lch. 94).