Achomharc arna thabhairt an 8 Meitheamh 2023 ag Tinnus Enterprises LLC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 29 Márta 2023 i gCás T-545/21, Tinnus Enterprises v EUIPO - Mystic Products (Fluid distribution equipment)
(Cás C-359/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Tinnus Enterprises LLC (ionadaithe: A. von Mühlendahl, H. Hartwig agus T. Wuttke, Rechtsanwälte)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Le hordú an 11 Deireadh Fómhair 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur chóir do Tinnus Enterprises LLC a chostais féin a íoc.
____________