Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2023 – RTL Group Markenverwaltung v EUIPO – Örtl (RTL)
(Cás T-1089/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: RTL Group Markenverwaltung GmbH (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: W. Prinz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Marcella Örtl (Selb, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais ‘RTL’ – Marc an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 884 894
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Meán Fómhair 2023 i gCás R 87/2023-2
An t ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní nó, i gcás inarb iomchuí, é a leasú trína rialú, maidir leis na táirgí agus na seirbhísí seo a leanas
Aicme 3: Gallúnach; Táirgí cumhradóireacht; Tairgí cosmaideacha.
Aicme 9: Gléasanna chun fuaimeanna agus íomhánna a thaifeadadh; Gléasanna chun fuaim nó íomhánna a chraoladh; Gléasanna chun fuaim nó íomhánna a atáirgeadh; Gaireas físeáin ar éileamh (VOD); Gaireas le haghaidh tairiscintí comhairliúcháin eile; Gaireas teilifíse íoctha; Gaireas don teilifís idirghníomhach; Trealamh le haghaidh teilishiopadóireachta; Gaireas cineamatagrafach; Ceamaraí; Meicníochtaí le haghaidh gaireas mona-oibrithe, a áirítear in aicme 09; Taifid fhuaimiúla; Sliseanna cuimhne optúla (fuaim agus íomhánna), na hearraí go léir thuasluaite i bhfoirm taifeadta agus glan.
Aicme 16: Táirgí priontála; Leabhair; Nuachtáin; Tréimhseacháin; Páipéar, cairtchlár; Bileoga páipéir chun nótaí a ghlacadh.
Aicme 24: Fabraicí, lena n-áirítear fabraicí fite, táirgí teicstíle agus teicstílí ionadacha.
Aicme 25: Éadaí.
Aicme 32: Beoir agus táirgí grúdlainne; Uiscí mianraí; Uiscí carbónáitithe; Deochanna boga; Deochanna torthaí; Súnna torthaí.
Aicme 35: Seirbhísí fógraíochta, margaíochta agus cur chun cinn.
Aicme 41: Seirbhísí i gcomhthéacs cur chun cinn tallainne, eadhon cuardach tallainne do thríú páirtithe trí sheimineáir, cúrsaí oiliúna, comhdhálacha, ócáidí oiliúna agus seónna a reáchtáil.
Aicme 42: Forbairt bogearraí bunachar sonraí [clárú] chun faisnéis a sholáthar ar an idirlíon agus ar mheáin chlosamhairc eile agus chun leathanaigh baile agus láithreáin ghréasáin a chruthú ar an idirlíon agus meáin chlosamhairc eile; Comhairle theicniúil atá dírithe ar fhorbairt, dearadh, léiriú agus craoladh clár teilifíse agus raidió agus bunachair shonraí chomh maith le léirithe ar an idirlíon agus i meáin chlosamhairc eile;
go ndiúltaítear don iarratas ar chúlghairm de mharc Uimh. 14 884 894;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
– Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
____________