Caingean arna tabhairt an 26 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – Guangzhou Danxi Trade (Bimbys)
(Cás T-1185/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Bimbo, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Guangzhou Danxi Trade Co. Ltd (Guangzhou, an tSín)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Bimbys’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 496 227
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 635/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, lena nglactar go sainráite le diúltú don iarratas ar an trádmharc faoi cheist.
a ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán chostais an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________