Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – Unite Network v EUIPO – Unión Detallistas Españoles (unite mercateo)
(Cás T-1186/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Unite Network SE (Leipzig, an Ghearmáin) (ionadaí: J.-C. Rebling, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Unión Detallistas Españoles S. Coop. Unide (Maidrid, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘unite mercateo’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 871 391
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair i gCás R 219/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú don pháirtí eile na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________