Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Lattanzio KIBS agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-113/24 R)

(Bearta eatramhacha – Soláthar poiblí – Eisiamh ó nósanna imeachta soláthair agus dámhachtana deontas arna maoiniú ag buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ag CEF – Iarratas ar oibriú birt a chur ar fionraí – Easpa práinne)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Lattanzio KIBS SpA (Milano, an Iodáil), CY, CV (ionadaithe: B. O’Connor agus M. Hommé, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Rossi, F. Behre agus F. Moro, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar fionraí forghníomhú chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Nollaig 2023 lena n-eisiatar Lattanzio KIBS ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana a rialaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, (AE) agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1), agus le Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO 2018 L 307, lch. 1), nó chun cistí a roghnú lena gcur chun feidhme a chumhdaítear leis na rialacháin sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Forchoimeádtar na costais.

____________