Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Aibreán 2024 – JPMorgan Chase agus JPMorgan Chase Bank, National Association v an Coimisiún

(Cás T-226/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: JPMorgan Chase & Co. (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe), JPMorgan Chase Bank, National Association (Columbus, Ohio, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: M. Lester agus P. Luckhurst, Abhcóidí, A. Pliego Selie agus R. Rabhadh, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú go n-íocfaidh an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) ús agus/nó brabús ráthaithe na n-iarratasóirí ar mhéid na fíneála a forchuireadh le Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 i gCás AT.39914 – Díorthaigh Ráta Úis in Euro (EIRD), arna neamhniú ag an gCúirt Ghinearálta ina breithiúnas an 20 Nollaig 2023, mar chúiteamh as an damáiste a bhain do na hiarratasóirí toisc nach raibh méid na fíneála ar fáil dóibh idir íocaíocht shealadach na fíneála ag na hIarratasóirí an 6 Márta 2017 agus an fhíneáil ón gCúirt Ghinearálta a chur ar neamhní (‘tréimhse ábhartha’);

ina theannta sin nó mar mhalairt air sin, cinneadh an Choimisiúin, a leagtar amach ina litir an 20 Feabhra 2024, diúltú aon ús mainneachtana agus/nó ús cúiteach agus/nó brabús ráthaithe i leith na fíneála a íoc, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-iarratasóirí sna himeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1.    Mar thaca leis an iarratas ar ordú go n-íocann an Coimisiún ús agus/nó brabús ráthaithe na n-iarratasóirí, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin, arna roinnt ina cheithre chuid.

An chéad chuid: go raibh agus go bhfuil na hiarratasóirí i dteideal ús a fháil ar an bhfíneáil de bhun Airteagail 266, 268 agus/nó 340 CFAE. Tá na hiarratasóirí i dteideal ús mainneachtana ag ráta ábhartha athmhaoiniúcháin BCE (is é sin 0 %) móide 3.5 pointe céatadáin. Mar mhalairt air sin, tá na hiarratasóirí i dteideal ús cúiteach ag Ráta Cistí Feidearálacha Éifeachtach chun a mbrabúis tharscaoilte ar chistí a úsáidtear chun an fhíneáil a íoc a léiriú.

An dara cuid: tá na hiarratasóirí i dteideal ús breise a fháil ar na suimeanna a choinnigh an Coimisiún siar go héagórach.

An tríú cuid: ceanglaítear ar an gCoimisiún méid an bhrabúis ráthaithe a d’fhabhraigh ar an bhfíneáil thar an tréimhse ábhartha a lua agus, má bhí an toradh sin dearfach, aon bhrabús den sórt sin a íoc le JPMC (mar fhritháireamh in aghaidh an úis atá dlite).

An ceathrú cuid: ní féidir leis an gCoimisiún íocaíocht úis a sheachaint trí bhrath ar an bhfíoras gur fhorchuir an Chúirt Ghinearálta fíneáil nua an 20 Nollaig 2023 toisc nárbh ann d’aon fhíneáil dhleathach le linn na tréimhse ábhartha.

2.    Mar thaca lena n-iarratas le haghaidh neamhniú chinneadh an Choimisiúin gan ús agus/nó an brabús ráthaithe a íoc, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin: agus é ag diúltú ús agus/nó an brabús ráthaithe a íoc leis na hiarratasóirí, rinne an Coimisiún earráid dlí agus/nó rinne sé earráid fhollasach measúnaithe. Go háirithe, ba shárú é an diúltú ar oibleagáidí an Choimisiúin faoi Airteagal 266 CFAE.

____________