Caingean arna tabhairt an 8 Bealtaine 2024 – Ehrenreiter v EUIPO – Podersdorf Tourismus- und Freizeitbetriebsgesellschaft (PODOBEACH)
(Cás T-243/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Johannes Ehrenreiter (Podersdorf, an Ostair) (ionadaí: S. Salomonowitz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Podersdorf Tourismus- und Freizeitbetriebsgesellschaft m.b.H. (Podersdorf am See, an Ostair)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha PODOBEACH – Iarratas Uimh. 18 461 013
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Feabhra 2024 i gCás R 790/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú sa chaoi is go gcoinneofar an freasúra ina iomláine agus go ndiúltófar don iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais;
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus cinneadh a dhéanamh arís nó an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc lena athscrúdú;
má tharchuirtear an t-ábhar ar ais chuig an mBord Achomhairc, go gcinnfidh sé é i gcomhréir le tuairim dhlíthiúil na Cúirte Ginearálta;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________